BÍM-SE BUAN AR BUAIḊIRT GAĊ LÓ.
Fonn - "An Cnóta Bán".
Bím-se buan ar buaiḋirt gaċ ló,
Ag caoi go cruaiḋ 's ag tuar na ndeor,
Mar scaoileaḋ uainn an buaċaill beo,
Is ná ríoṁtar tuairisc uaiḋ, mo ḃrón!
Is é mo laoċ, mo ġile mear!
Is é mo Ṡaesar, gile mear!
Ní ḟuaras féin an suan ar séan,
Ó ċuaiḋ i gcéin mo ġile mear.
Ní haoiḃinn cuaċ ba ṡuairc ar neoin,
Táid fír-ċinn uaisle ar uaṫaḋ spóirt,
Táid saoiṫe is suaḋa i mbuaiḋirt 's i mbrón,
Ó scaoileaḋ uainn an buaċaill beo.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Níor éirġiḋ Ṗoebus féin ar cóir,
Ar ċaoin-ċneas rae tá daol-ḃrat bróin,
Tá saoḃaḋ ar spéir is spéirling ṁór,
ċum sléiḃte i gcéin mar d'éaluiġ an leoṁan.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Ní'l séis go suairc ar ċruaḋ-ċruit ċeoil.
Tá'n éigse i ngruaim gan uaim 'na mbeol,
Táid béiṫe buan ar buaiḋirt gaċ ló,
Ó ṫéarnuiġ uainn an buaċaill beo.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Marcaċ uasal, uaiḃreaċ, óg,
Gas gan ġruaim is suairce snóḋ,
Glac is luaimneaċ, luaṫ i ngleo,
Ag teascaḋ an tsluaiġ 's ag tuargain treon.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Is glas a ṡúil mear, múirneaċ, moḋaṁail,
Mar lagán drúċta ar ċiuṁas an róis,
Tá Mars is Cúipid dlúiṫ i gcóir
I bpearsain úir 's i ngnúis mo stóir.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Is cas a ċúl 's is cúrsaċ, cóir,
Is dlaṫaċ dlúiṫ 's is búclaċ bórr,
Is feacaċ fionn ar lonnraḋ an óir,
O ḃaṫas úr go com mo stóir.
Is é mo laoċ mo ġile mear! ⁊c.
Is cosṁail é le hAonġus óg,
Le Luġaiḋ mac ċéin na mbéimeann mór,
Le Cúraoi árd mac Dáire an óir,
Taoiseaċ Éireannaċ tréan ar tóir
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Le Conall Ceárnaċ ḃeárnaḋ póirt,
Le Fearġus fiúntaċ fionn mac Róiġ,
Le Conċuḃar ċáiḋ mac Náis na nós,
Taoiseaċ aoiḃinn ċraoiḃe an ċeoil.
Is é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Ní ṁaoiḋfead féin cia hé mo stór,
Tá innsint scéil 'na ḋéiḋ go leor,
Aċt guiḋim ċum Éin-ṁic Dé na gcoṁaċt,
Go dtigiḋ mo laoċ gan baoġal beo.
Iṡ é mo laoċ, mo ġile mear! ⁊c.
Aċt seinntear stáir ar ċláirsiġ ċeoil,
Is líontar táinte cárt ar bórd,
Le hintinn árd gan cáim, gan ceo,
ċum saoġal is sláinte d'fhaġḃáil dom leoṁan.
Is é mo laoċ, mo ġile mear!
Is é mo ṡaesar, gile mear!
Mo ċruaḋtan féin, a luaḋ tré léan,
Mar ċuaiḋ i gcéin mo ġile mear!
|
|